Thursday, March 18, 2010

Ceol agus Scríobhneoireacht Willie Vlautin

Tá trí leabhair álainn leite agam le déanaí le Willie Vlautin, fear a tháinig ó Reno, Nevada agus a d’aistrigh go Portland, Oregon. Go h-iondúil, is amhránaí é Willie agus é ag canadh lena ghrúpa – Richmond Fontaine. Glaotar ‘alt country’ nó ‘americana’ ar an saghas ceol seo agus, i mo thuairim, má thaitníonn ceol Neil Young leat, cinnte go mbeadh suim agat i gceol Richmond Fontaine freisin.
Ní h-é an ceol teorainn a chumas áfach. Thosaigh Willie ag scríobh a chéad leabhar cúpla bliain ó shin, The Motel Life, a léiríonn eachtraí beirt deartháir atá ina gcónaí in iar-thuaisceart S.A.M. Tá saol deacair mí-ádhmhar acu agus téann said amach ar an mbóthar chun a gcuid fhadhbanna a sheacaint.
Is é Northline an teideal ar a dara leabhar, scéal faoi Alison Johnson atá in a cónaí i Las Vegas agus fadhbanna aici leis an alcól agus lena buachaill. Chomh súil leis na beirt leads sa chéad leabhar, déanann sí iarracht a cuid fadhbanna a fhágáil taobh thiar di agus aistríonn sí go Reno i ngan fhios d’éinne.
San úrscéal is deireanaí ó Vlautin, leanaimid eachtraí Charley Thompson, buachaill óg a bhfuil saol crua aige agus cónaí air i bPortland, Oregon lena h-aithir atá ag gluaiseacht thart timpeall ar thóir oibre. Éiríonn sé cairdiúil le ráschapaill, Lean on Pete, agus … sea, tá an ceart agat … téann said amach ar an mbóthar chun éalú ón saol caite agus aimsíonn said saol nua le chéile.
Cé go bhfuil cósúileachtaí móra idir na scéalta – tá said go léir bunaithe in iar-thuaisceart Mheiriceá agus casann na príomhcairictear ar an mbóthar chun saol nua a aimsiú dóibh féin – tá alán cumas léirithe ag Vlautin chun ‘guth’ nua a thabhairt do na cairictear éagsúla. Tá stíl scríobhneoireacht aige atá úr, díreach, agus simplí. Chuirfeadh sé alán scríobhneoirí cailiúile Meiriceánach i gcuimhne ort – scríobhneoirí chomh súil le Kerouac, Steinbeck, agus cé nach bhfuil sé léite agam go pearsanta, tá comparáid déanta freisin idir Vlautin is a laoch fhéin, Raymond Carver.
Bhí Willie ar turas timpeall na tíre le déanaí ag seint in éineacht lena chara Dan. Bhuail mé leo thuas staighre i Dolan's Warehouse i Luimneach. Sárcheol a bhí a sheint acu agus is daoine deamhúinte is cneasta freisin. Chuir Willie a síniú ar na trí leabhair dom. Tá súil agam go dtiocfaidh siad ar ais go luath. Má dtiocfaidh, bígí cinnte a bheith ann.

7 comments:

  1. GRMA as an leid. Tá cónaí orm sa Phacific Northwest, i Seattle le bheith cruinn, ach níor chuala mé trácht ar an údar seo roimhe seo... ná ar Richmond Fontaine ach oiread! iTunes an chéad stop eile domsa anois, le fáil amach cé hiad.

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, an banna ceoil is ansa liomsa i bPortland ná Blitzen Trapper.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agatsa a Dennis. Blitzen Trapper? - OK - caithfidh mise beagáinín taighde a dhéanamh freisin!

    ReplyDelete
  4. Agus seo ceann eile duit, ó Fleet Foxes anseo i Seattle.

    ReplyDelete

About Me

My photo
Rugadh agus tógadh mé in aice le cathair Luimnigh. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, ag obair ann mar scríobhneoir teicniúil. Is mór liom an spórt (go h-áirithe foireann rugbaí na Mumhan agus iománaithe Luimnigh), leabhair, agus ceol.

Followers