Wednesday, March 31, 2010

Pasáiste go dtí an Ind



Táim ag obair faoi láthair mar scríobhnóir teichniúil I nGaillimh. Déantar na bogearraí s’againne san Ind agus cruthaím féin na doiciméid a théann leo. Dá bharr sin, shocraigh ar an chomhlacht mise a sheoladh go dtí an Ind chun bualadh le mo chomhleacaithe thíos ansin. Bhfuel – céard is féidir liom a rá faoin tír seo? Nílim I gCansas níos mó a Toto!

Is é an chéad rud a thug mé faoi deara ná an trácht. Tá córas an-difriúl acu, agus cé go bhfuil cuma baolach ar a stíl tiomáint, ní fhaca mé tubaiste amháin ann. Is dócha go bhfuil an oiread sin daoine sa tír (1.2 billiún, de réir dealraimh) nach mbeadh éinne acu in ann a áit oibre a shroicheadh ag tiomáint sa stíl Eorpach leis na soilse tráchta agus ag fanacht i lána.

Is tír fíor ilcultúrtha é. Tá na sráideanna plódaithe le gach cineál duine - idir cine is creideamh, agus ní feictear aon teannas eatarthu.

Tá codarsnacht mór le feiceáil ann idir na foirgneamh móra nua-aimsirthe i stíl an Iarthar, agus na seannósanna. Tá codarsnacht ann freisin idir rachmas an Maharajah agus a tithe móra agus na daoine bochta ina gcónaí i bpobaill ar thaobh an sráid.

Tá curries iontach le blasadh ann ach tá easpa éigsiúlacht ag an am céanna agus bhí mé sona sásta bia an Iarthar a bhlasadh arís nuair a tháinig mé abhaile.

Thursday, March 18, 2010

Ceol agus Scríobhneoireacht Willie Vlautin

Tá trí leabhair álainn leite agam le déanaí le Willie Vlautin, fear a tháinig ó Reno, Nevada agus a d’aistrigh go Portland, Oregon. Go h-iondúil, is amhránaí é Willie agus é ag canadh lena ghrúpa – Richmond Fontaine. Glaotar ‘alt country’ nó ‘americana’ ar an saghas ceol seo agus, i mo thuairim, má thaitníonn ceol Neil Young leat, cinnte go mbeadh suim agat i gceol Richmond Fontaine freisin.
Ní h-é an ceol teorainn a chumas áfach. Thosaigh Willie ag scríobh a chéad leabhar cúpla bliain ó shin, The Motel Life, a léiríonn eachtraí beirt deartháir atá ina gcónaí in iar-thuaisceart S.A.M. Tá saol deacair mí-ádhmhar acu agus téann said amach ar an mbóthar chun a gcuid fhadhbanna a sheacaint.
Is é Northline an teideal ar a dara leabhar, scéal faoi Alison Johnson atá in a cónaí i Las Vegas agus fadhbanna aici leis an alcól agus lena buachaill. Chomh súil leis na beirt leads sa chéad leabhar, déanann sí iarracht a cuid fadhbanna a fhágáil taobh thiar di agus aistríonn sí go Reno i ngan fhios d’éinne.
San úrscéal is deireanaí ó Vlautin, leanaimid eachtraí Charley Thompson, buachaill óg a bhfuil saol crua aige agus cónaí air i bPortland, Oregon lena h-aithir atá ag gluaiseacht thart timpeall ar thóir oibre. Éiríonn sé cairdiúil le ráschapaill, Lean on Pete, agus … sea, tá an ceart agat … téann said amach ar an mbóthar chun éalú ón saol caite agus aimsíonn said saol nua le chéile.
Cé go bhfuil cósúileachtaí móra idir na scéalta – tá said go léir bunaithe in iar-thuaisceart Mheiriceá agus casann na príomhcairictear ar an mbóthar chun saol nua a aimsiú dóibh féin – tá alán cumas léirithe ag Vlautin chun ‘guth’ nua a thabhairt do na cairictear éagsúla. Tá stíl scríobhneoireacht aige atá úr, díreach, agus simplí. Chuirfeadh sé alán scríobhneoirí cailiúile Meiriceánach i gcuimhne ort – scríobhneoirí chomh súil le Kerouac, Steinbeck, agus cé nach bhfuil sé léite agam go pearsanta, tá comparáid déanta freisin idir Vlautin is a laoch fhéin, Raymond Carver.
Bhí Willie ar turas timpeall na tíre le déanaí ag seint in éineacht lena chara Dan. Bhuail mé leo thuas staighre i Dolan's Warehouse i Luimneach. Sárcheol a bhí a sheint acu agus is daoine deamhúinte is cneasta freisin. Chuir Willie a síniú ar na trí leabhair dom. Tá súil agam go dtiocfaidh siad ar ais go luath. Má dtiocfaidh, bígí cinnte a bheith ann.

Wednesday, March 10, 2010

Os Ár gCionn

Bígí ag faire amach an tseachtain seo don Stáisiún Spás Idirnaisiúnta atá geal sa spéir agus sofeicthe ar an amchlár seo a leanas:

Dé Céadaoin 20.15

Déardaoin 19.04 agus arís ag 20.39

Dé hAoine 19.29 agus arís ag 21.04

Tosóidh sé ag gabháil thart ag na h-amanna seo. Tógfaidh sé idir 2 agus 3 nóiméad chun an pointe is airde a shroiceadh sa spéir. I ngach cás, bígí ag faire i dtreo an iar-dheisceart. Taistealaíonn sé ar luas docreidthe.

Is é Sirius an rud geal lonnrach atá íseal sa spéir dheisceart.
Is é Mars an rud geal dearg san oir-dheisceart thart timpeall 20.00. Tá sé faoi (agus beagánín ar an taobh chlé) de na dhá réaltaí Castor agus Pollux sa réaltbhuíonn Gemini.

Tá liosta iomlán le haghaidh Cathair na Gaillimhe le fáil anseo.

About Me

My photo
Rugadh agus tógadh mé in aice le cathair Luimnigh. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, ag obair ann mar scríobhneoir teicniúil. Is mór liom an spórt (go h-áirithe foireann rugbaí na Mumhan agus iománaithe Luimnigh), leabhair, agus ceol.

Followers