Tuesday, February 23, 2010

Bás Eugene Lambert



Scéal brónach a bhí ar an raidio ar maidin ag fógairt bás duine támhachtach ó laethanta m'óige, Eugene Lambert (82 bliain). Bhí Eugene ina stiúrthóir de Lambert's Puppet Theatre, atá lonnaithe i Baile na Manaigh i dheisceart Átha Chliath.

Is cuimhin liom go maith, agus mé i mo pháiste, an gliondar chroí a tháinig ormsa agus ar mo chairde go léir nuair a thosaigh an ceol draíochtmhar sin ag teacht ón teilifís, an ceol a d’fhógair dúinn go raibh Wanderly Wagon chun tosnú.

Is clár speisialta fós é Wanderly Wagon don ghlúin a d’fhás suas sna seachtaidí agus na h-ochtaidí. Thaisteal na charachtair, idir daoine agus ainmhithe (puppets!), timpeall na tire i caravan á tharraingt le capall. Bhí Dr. Astro ina namhaid acu, in éineacht le Sneaky Snake. B’shin iad na laethanta!

Is oth liom a rá gur chailleadh nó scriosadh na téipeanna go léir a bhí ag RTÉ. Eisíodh DVD um Nollag cúpla bliain ó shin agus ceann de na h-eachtraí den chlár a mhaireann fós air. Thug an t-Aire Cullen ómós do Eugene agus dá chuid saothair. Ar dheis Dé go raibh a h-anam.

Monday, February 22, 2010

Sléibhte Deisceart Luimnigh




Ní thiocfadh Co. Luimnigh isteach in aigne an ghnáthduine agus iad ag smaoineamh ar sléibhte na h-Éireann. Tá áiteanna deasa airde ann áfach i dheisceart na contae - m.s. Bealach Fheabhradh (nó Ballyhoura i mBéarla). Chuaigh mé síos ann tráthnóna Dé Satharn chun mo pháirt a ghlacadh i rás thart timpeall na cnoiceanna ann.

Eagraíodh an rás le craobh na Mumhan den Irish Mountain Running Association (IMRA). Bíonn dhá cinn ar siúl acu ann gach bliain, ceann amháin san Earrach agus an dara cheann i mí Lúnasa. Tar éis an rás, bhí béile le n-ithe againn i mBulgaden Castle, gar do Cill Mhoceallóg. Bhronnadh duaiseanna do dhaoine ansin as ucht na h-éacht a dhearna siad ar cnoiceanna na Mumhan agus ar cnoiceanna na h-Éireann ar feadh na bliana.

raon mór rothaíochta sléibhte tógáilthe ag Coillte anois i mBealach Fheabhradh, agus bhí orainn athrú a dhéanamh ar ár slí dá bharr. Chuamar suas tríd na crainn go dtí go shroicheamar bóthar foraoise. Suas linn ansin go dtí an portach ag an barr. Bíonn an chuid seo den rás deacair ach sásúil. Sa phortach, níl faic le cloisteáil ach torann na gaoithe insan uimhir páipéar ar mo bhrollach, agus ciúnas mór bodharach istigh i mo bhlaosc féin.

Ag deireadh an phortach, thosamar ag teach anuas arís. Faraoir, fuair mé blister uafásach ar mo chos chlé agus bhí orm dul níos moille. Bhí beagnach deichniúir daoine in ann scoitheadh tharam dá bharr sin. Ba thrua é seo mar is ag dul síos a théim is taipiúla de ghnáth. Tháinig mé abhaile go dtí an charrchlós faoi dheireadh ar aon nós.

Rinne garsún óg an cúrsa iomlán, an portach san áireamh, trí thimpiste! Laoch mór againn sa todhchaí gan dabht.

Bhí ceapairí agus tae ag gach duine ansin sa charrchlós. Is iontach an rud a tharlaíonn do blas an tae nuair atá dianobair déanta agat. Mar a dúirt m'uncail Jimmy dom riamh - "You can't bate tay in a meadow boy".





About Me

My photo
Rugadh agus tógadh mé in aice le cathair Luimnigh. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, ag obair ann mar scríobhneoir teicniúil. Is mór liom an spórt (go h-áirithe foireann rugbaí na Mumhan agus iománaithe Luimnigh), leabhair, agus ceol.

Followers