Tuesday, February 23, 2010

Bás Eugene Lambert



Scéal brónach a bhí ar an raidio ar maidin ag fógairt bás duine támhachtach ó laethanta m'óige, Eugene Lambert (82 bliain). Bhí Eugene ina stiúrthóir de Lambert's Puppet Theatre, atá lonnaithe i Baile na Manaigh i dheisceart Átha Chliath.

Is cuimhin liom go maith, agus mé i mo pháiste, an gliondar chroí a tháinig ormsa agus ar mo chairde go léir nuair a thosaigh an ceol draíochtmhar sin ag teacht ón teilifís, an ceol a d’fhógair dúinn go raibh Wanderly Wagon chun tosnú.

Is clár speisialta fós é Wanderly Wagon don ghlúin a d’fhás suas sna seachtaidí agus na h-ochtaidí. Thaisteal na charachtair, idir daoine agus ainmhithe (puppets!), timpeall na tire i caravan á tharraingt le capall. Bhí Dr. Astro ina namhaid acu, in éineacht le Sneaky Snake. B’shin iad na laethanta!

Is oth liom a rá gur chailleadh nó scriosadh na téipeanna go léir a bhí ag RTÉ. Eisíodh DVD um Nollag cúpla bliain ó shin agus ceann de na h-eachtraí den chlár a mhaireann fós air. Thug an t-Aire Cullen ómós do Eugene agus dá chuid saothair. Ar dheis Dé go raibh a h-anam.

1 comment:

  1. Tá mé i bhfad níos sine ná tusa, a Ghearóid, ach nach iontach an chaoi a ndeachaigh an fear uasal sin i bhfeidhm ar na glúnta éagsúla.

    ReplyDelete

About Me

My photo
Rugadh agus tógadh mé in aice le cathair Luimnigh. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, ag obair ann mar scríobhneoir teicniúil. Is mór liom an spórt (go h-áirithe foireann rugbaí na Mumhan agus iománaithe Luimnigh), leabhair, agus ceol.

Followers